top of page

The Frank Family's Hidden Quarters

An Déardaoin, 9 Iúil 1942

A Kitty dhil,

Bhí an cró folaigh lonnaithe i bhfoirgneamh oifigí Athar. Tá sé giota beag deacair do dhaoine nach dár dteaghlach féin iad é sin a thuiscint, mar sin de míneoidh mé é.

Ní raibh an oiread sin daoine ag obair ag Athair ina oifig, go díreach an tUasal Kugler, an tUasal Kleiman, Miep agus clóscríobhaí trí bliana is fiche d’aois darb ainm Bep Voskuijl, a bhí uilig ar an eolas go raibh muid ag teacht. Bíonn an tUasal Voskuijl, athair Bep ag obair sa stór in éineacht le beirt chúntóirí, nár insíodh a dhath dóibh.

 

Seo cur síos ar an fhoirgneamh. Baintear feidhm as an stór mór ar an bhunurlár mar sheomra oibre agus mar sheomra stórais agus tá sé roinnte ina rannóga éagsúla, mar tá an seomra stórais agus an seomra meilte, áit a meiltear cainéal, clóibh agus ionaid piobair.

 

Tá doras eile ar an taobh amuigh in aice leis na doirse don seomra stórais, bealach isteach eile chun na hoifige. Tá an dara doras taobh istigh de dhoras na hoifige féin, agus tá staighre thairis sin. Tá doras eile ag barr an staighre, a bhfuil gloine seaca ann agus an focal ‘Oifig’ scríofa air i litreacha dubha. Is í seo an oifig mhór tosaigh – iontach mór, iontach geal agus iontach plódaithe. Bíonn Bep, Miep agus an tUasal Kleiman ag obair inti i rith an lae. I ndiaidh duit dul trí chuasán a bhfuil taisceadán, almóir agus cófra mór stáiseanóireachta ann, tiocfaidh tú a fhad le hoifig bheag dhorcha phlúchtach cúil.

Bhíodh an tUasal Kugler agus an tUasal van Dann araon ag obair inti tráth, ach anois is é an tUasal Kugler an t-aon sealbhóir. Tig oifig an Uasail Kugler a bhaint amach fosta ón phasáiste, ach dul amach ar dhoras gloine amháin ar féidir é a oscailt ón taobh istigh ach nach féidir é a oscailt go furasta ón taobh amuigh.

An cró folaigh lonaithe

Má fhágann tú oifig an Uasail Kugler agus má leanann ort tríd an phasáiste fhada chúng, thart leis an stóras guail agus suas ceithre chéim, tiocfaidh tú a fhad le hoifig phríobháideach, an chuid is deise den fhoirgneamh ar fad.

Tá troscán ealaíonta mahagaine, urlár líonóile atá clúdaithe le brait, raidió, lampa deas agus gach rud den scoth inti. Tá cistin fhairsingeach béal dorais léi a bhfuil téitheoir-uisce, dhá fháinne gáis, agus ar a bharr sin leithreas istigh inti. Is é sin an chéad urlár.

 

Leanann staighre adhmaid a bhealach ón phasáiste síos an staighre go dtí an dara hurlár. Tá léibheann ag barr an staighre, a bhfuil doras ar gach taobh de. Glacann an doras ar chlé thú a fhad leis an stóras spíosraí agus leis an áiléar agus an lochta ag tosach an tí. Ritheann staighre crochta ar stíl na hOllainne, a bhainfeadh casadh as do mhurnán, ó thosach an tí chuig doras eile amach ar an tsráid.

Leanann tú an léibheann ó dhoras ar thaobh na láimhe clé de a fhad leis ‘An tUrtheach Rúnda’ar chúl an tí. Ní shamhlódh aon duine go mbeadh an oiread sin seomraí ar chúl an ghnáthdorais léith sin. Níl ach céim bheag amháin os comhair an dorais, agus ansin tá tú istigh. Tá staighre crochta díreach romhat. Tá halla cúng ar thaobh na láimhe clé a osclaíonn amach ar sheomra a mbaineann teaghlach Frank úsáid as mar sheomra suí agus sheomra codlata.

 

Tá seomra níos lú, seomra codlata agus seomra staidéir ar le beirt bhan óg an teaghlaigh é béal dorais leis. Tá ‘seomra folctha’ ar thaobh na láimhe deise ón staighre, seomra gan fuinneog nach bhfuil ann ach doirteal.

 

Ó dhoras eile leanann an bealach ar aghaidh chuig an leithreas agus ó cheann eile chuig seomra ar le Margot agus liomsa é.

 

Má théann tú suas an staighre agus má osclaíonn tú an doras ag an bharr, beidh iontas ort seomra chomh mór geal fairsingeach sin a fheiceáil istigh i seanteach mar seo ar bhruach na canála.

 

Tá sorn gáis ann (a bhuí leis an Uasal Kugler de bhrí gur sheansaotharlann a bhíodh ann tráth) agus doirteal.

 

Seomra codlata ag an Uasal van Daan agus a bhean, gnáthsheomra suí, seomra bia agus seomra staidéir a bheas ann do gach duine chomh maith.

 

Beidh seomra beag bídeach ag an taobh ag Peter van Daan mar sheomra leapa. Ansin, go díreach mar atá sé ag tosach an tí, tá áiléar agus lochta ann. Sin tú anois. Anois chuir mé thú ar an eolas go hiomlán faoinár nUrtheach galánta!

 

Do chara dílis, Anne

bottom of page