top of page

Letter to Margot Frank from the SS in Amsterdam demanding that she report for work duty in Germany.

Margot Frank, Anne's only sibling,

16 when the Frank's went

into hiding.

The Frank family had been planning for some time to go into hiding.  They had been carefully moving items to what would become their rooms in Otto Frank's place of business in anticipation of such a move. 

 

However, on 8 July 1942 Margot received this notice from the SS in Amsterdam that she was to report on July 15 for work duty in Germany.

 

Fearing the worst, the Frank's decided to immediately remove themselves to their hidden living quarters.

 

On 9 July, the family put things in shopping bags and calmly, slowly walked to the office building where they would remain until their arrest in 1944. 

Margot's letter from the SS ordering her to report.  It reads:

 

SUMMONS       

  You are hereby ordered to participate in the police-supervised expansion of work in Germany and have therefore committed yourself to 15 July 1942 at 1:50.

to be found at the central station, Amsterdam

 

The following may be taken as luggage:
- 1 suitcase or backpack  - 1 pair of work boots  - 2 pair of socks  - 2 undergarments  - 2 shirts  - 1 work suit  - 2 woolen blankets  - 2 sets of bedding (cover with sheet)  - 1 eating bowl  - 1 drinking cup  - 1 spoon and  - 1 pullover

and also 3 days' marching provisions and the ration cards valid for that time.

The following may not be taken:  Securities, foreign currency, savings bank books etc., valuables of all kinds (gold, silver, platinum) - with the exception of wedding rings - living household effects.

If you do not comply with this summons, you will be punished with measures by the Sicherheitspolizei.

This letter serves as a travel permit and at the same time gives you the right to use the train mentioned free of charge.

Commissioned by Worlein, Central Office for Jewish Emigration, SS-Hauptsturmfuhrer

AN CHÉADAOIN, 8 IÚIL 1942

A Kitty dhíl,

      Shílfeá go ndeachaigh na blianta thart ó bhí maidin Domhnaigh ann. Tharla an oiread sin go bhfuil sé a rá is de gur cuireadh an saol ar mhullach a chinn. Ach mar a tchí tú a Kitty, tá mé fós beo, ach ná fiafraigh díom cén áit nó cén dóigh. Is dócha nach dtuigeann tú focal dá ndeirim leat inniu, mar sin de tosóidh mé a insint duit faoi rud a tharla tráthnóna Dé Domhnaigh.

 

Ar a trí a chlog (Bhí Hello imithe ach bhí sé in ainm is a bheith ag teacht ar ais níos déanaí), buaileadh cloigín an dorais. Níor chuala mé é, ó tharla mé ar an bhalcóin, ag léamh go leisciúil faoin ghrian. Tamall beag ina dhiaidh sin tháinig Margot isteach sa chistin agus cuma chorraithe uirthi. ‘Tá glaoch chun airm faighte ag Athair ón SS,’ arsa sí i gcogar. ‘Tá Máthair ar shiúl chun an tUasal van Daan a fheiceáil.’ (Is cara maith agus páirtí gnó le hAthair é an tUasal van Daan.)

 

Rinneadh stangaire díom. Glaoch chun airm: tá a fhios ag an saol agus a mháthair an chiall atá leis sin. Rith smaointe faoi shluachampaí géibhinn agus chillíní uaigneacha fríd mo cheann. Cad é mar a thiocfadh linn Athair a fhágáil i muinín a leithéid de chinniúint? ‘Ar ndóigh níl sé ag dul ann,’ a dúirt Margot agus muid ag fanacht le Máthair sa seomra teaghlaigh. ‘Tá Máthair ar shiúl le bualadh leis an Uasal van Daan le fáil amach an dtig linn bogadh isteach inár gcró folaigh amárach. Tá muintir van Daan ag teacht linn. Beidh seachtar againn ann ar fad.’ Tost. Ní raibh muid ábalta labhairt. Chuir an smaoineamh go raibh Athair ag tabhairt cuairt ar dhuine in Otharlann na nGiúdach gan eolas aige ar an rud a bhí ag tarlú, an fhanacht fhada le Máthair agus an beophianadh inár dtost muid.

 

Go tobann buaileadh ar an chloigín an athuair. ‘Is é sin Hello,’ arsa mise. ‘Ná hoscail an doras!’ arsa Margot go hard chun mé a stopadh. Ach ní raibh gá leis ó tharla gur chuala 21muid Máthair agus an tUasal van Daan ag caint le Hello thíos staighre, agus ansin tháinig an bheirt acu isteach agus dhruid siad an doras ina ndiaidh. Gach uair a bhuailfí ar an doras b’éigean do Margot nó domsa dul síos staighre ar ár mbarraicíní le fáil amach arbh é Athair é, agus níor lig muid do dhuine ar bith eile teacht isteach. Cuireadh Margot agus mé féin amach as an seomra, de bhrí go raibh an tUasal van Daan ag iarraidh labhairt le Máthair ina haonar.

 

Nuair a bhí mé féin agus Margot inár suí inár seomra leapa, d’inis Margot dom nach raibh an glaoch chun airm ann d’Athair, ach di féin. Baineadh an dara geit asam agus thosaigh mé a chaoineadh. Tá Margot sé bliana déag d’aois – de réir dealraimh tá siad ag iarraidh cailíní dá haois a chur ar shiúl leo féin. Ach buíochas do Dhia ní bheidh sí ag dul ann; dúirt Máthair féin, agus is dócha gurbh é sin an rud a bhí i gceist ag Athair nuair a bhí sé ag caint orainn dul i bhfolach. I bhfolach … Cá háit a rachaimid i bhfolach? Sa chathair? Faoin tuath? Sa teach? I gcró beag? Cén uair? Cén áit? Cén dóigh…? Seo iad na ceisteanna nach raibh mé ábalta a chur, ach choinnigh siad orthu ag rith fríd m’intinn.

 

Thosaigh Margot agus mé féin a chur ár mbagáiste is tábhachtaí le chéile i dtiachóg. Ba í an dialann an chéad rud a dhing mé isteach, ansin an tlú cataíola, ciarsúir, leabhair scoile, cíor agus roinnt seanlitreacha. Agus mé buartha faoi dhul i bhfolach, dhing mé na rudaí is amaidí isteach sa tiachóg, ach níl aiféala orm. Is tábhachtaí iad na cuimhní cinn dom ná na gúnaí.

Tháinig Athair abhaile sa deireadh i dtrátha a cúig a chlog, agus chuir muid glaoch ar an Uasal Kleiman le fáil amach an dtiocfadh leis bualadh isteach tráthnóna. Chuaigh an tUasal van Daan chun Miep a fháil. Tháinig Miep agus gheall sí go dtiocfadh sí ar ais níos moille an oíche sin, thug sí mála lán bróg, gúnaí, casóg, fo-éadaí agus riteog léi. Ina dhiaidh sin 22 bhí sé ciúin san árasán againn; ní raibh fonn ar dhuine ar bith againn ithe. Bhí sé te go fóill, agus bhí gach rud an-aisteach.


​​

Bhí ár seomra mór thuas staighre ar cíos ag an Uasal Goldschmidt, fear sna tríochaidí a bhí colscartha, nach raibh rud ar bith le déanamh aige an tráthnóna sin de réir dealraimh, mar in ainneoin na leideanna múinte a thug muid dó, bhí sé ag crochadh thart go dtí a deich a chlog.

Tháinig Miep agus Jan Gies ar a haon déag. Tá Miep, atá ag obair do chomhlacht Athar ón bhliain 1933, anois ina dlúthchara, agus tá a céile Jan amhlaidh. Arís eile, d’imigh bróga, riteoga, leabhair agus fo-éadaí as radharc agus isteach i mála Miep agus isteach i bpócaí doimhne Jan. Ar leath i ndiaidh a haon déag d’imigh siadsan as amharc fosta.

 

Bhí mé spíonta, agus cé go raibh a fhios agam gurbh é seo an oíche dheireanach a bheadh agam i mo leaba féin, thit mo néal orm láithreach bonn agus níor mhúscail mé go dtí gur ghlaoigh Máthair orm ar leath i ndiaidh a cúig an mhaidin dár gcionn. Ar an dea-uair, ní raibh sé chomh te agus a bhí sé Dé Domhnaigh; thit báisteach the an lá ar fad. Bhí an ceathrar againn cuachta suas leis an oiread sin clúdach éadaí go raibh an chuma orainn gur ag dul a chaitheamh na hoíche i gcuisneoir a bhí muid, agus sin uilig sa dóigh is go dtiocfadh linn níos mó éadaí a thabhairt linn. Ní bheadh sé de mhisneach ag Giúdach ar bith, ár ndála féin, an teach a fhágáil agus mála lán éadaí aige. Bhí dhá veist, trí phéire fo-bhríste, gúna, agus sciorta uime sin, casóg, cóta báistí, dhá phéire riteog, bróga troma, boinéad, scairf agus cuid mhór eile orm. Bhí mé plúchtach fiú sular fhág muid an teach, ach níor bhac le duine ar bith fiafraí díom cad é mar a mhothaigh mé.

 

Dhing Margot leabhair scoile isteach ina mála, chuaigh lena rothar a fháil agus chuaigh a rothaíocht go saol eile agus Miep ag dul ar tosach. Cibé ar bith, sin mar a taibhsíodh dom é, ó tharla nach raibh a fhios agam cén áit a raibh ár gcró folaigh.

 

Ar leath i ndiaidh a seacht dhruid muid an doras inár ndiaidh. Ba é Moortje, mo chat, an t-aon chréatúr amháin beo ar fhág mé slán aige. De réir nóta a d’fhág muid ag an Uasal Goldschmidt, bhí sí le bheith tugtha do na comharsana, a thabharfadh baile maith di. Chuir na leapacha bána, na hábhair bricfeasta ar an tábla, an punt feola don chat sa chistin – chuir na rudaí seo uilig an chuma ar an scéal gur fhág muid faoi dheifir. Ach bhí muid beag beann ar an chuma a bhí ar an áit. Ní raibh ann ach go raibh muid ag iarraidh fáil amach as an áit, imeacht agus ár gceann scríbe a bhaint amach slán sábháilte. Ba chuma faoi rud ar bith eile.

 

Tuilleadh amárach.

 

Do chara dílis, Anne

 

 

AN DÉARDAOIN, 9 IÚIL 1942

 

Agus sin mar a bhí muid, Athair, Máthair agus mé féin, ag siúl faoin doirteadh fearthainne, mála ag gach duine againn agus mála siopadóireachta ag cur thar maoil le héagsúlacht mhór earraí. D’amharc na daoine a bhí ag dul ar obair le moch na maidine orainn go báúil; bheadh a fhios agat ó bheith ag amharc ár a n-aghaidh go raibh siad buartha nach dtiocfadh leo modh éigin taistil a thairiscint dúinn; dhearbhaigh an réalta fheiceálach bhuí an méid sin.

 

Níorbh é go dtí go raibh muid ag siúl síos an tsráid gur nocht Athair, diaidh ar ndiaidh, an plean a bhí aige. Le míonna anuas bhí muid ag bogadh an oiread troscán agus trealaimh agus ab fhéidir linn amach as an árasán. Socraíodh go rachaimis i bhfolach ar an 16 Iúil. Mar gheall ar an ghlaoch chun airm a fuair Margot, cuireadh an plean chun tosaigh deich lá, rud a chiallaigh go mbeadh orainn bheith sásta le seomraí nach raibh chomh slachtmhar sin. 

bottom of page